136
AN GAODHAL.
An bh-Fuil Tú Marbh Go Léir ?
Leis an nGabhar Donn.
An bh-fuil tú marbh go léir, a thír na naomh?
An bh-fuil do spioraid briste fós faoi dheire?
Budh mhór, budh ghlórmhar, trá, do chliú, do sgéimh,
Budh ghlan ghlinn, ghlonrach, trá, gnúis do spéire.
An bh-fuil tú marbh go léir, a thír na laoch?
An ríghin go geur ? a thír, a throid go treunmhar,
Tá 'n samhradh againn fós — óir cluinim sgreuch
Na bh fainleog. Och! cuir dhíot do bhratach leunmhar.
An bh-fuil tú marbh go léir, a thír na suadh?
Nach cuimhin leat an t-am — sean am do ghlóire?
'N a raibh tú cúmhachtach i gcleasaibh druadh
'N a lean na náisiún uile lorg a dtreoire?
An bh-fuil tú marbh go léir ? a thír na ndán?
An bh-fuil do neart d'a dreoghadh tré mheud do leisge?
An fearr led' mhacaibh bheith ó mhaidin bháin
Go h-oidhche liath d'a súgradh féin le grádh, 's le meisge
An bh-fuil tú marbh go léir, a thír na saor?
A teilg ar leith uait cuing na daoirse duibhe,
Tóg suas do ghuth; béir ar do lann mór geur
Buail síos do nám go bráth ó spéir a neimhe!
An bh-fuil tú marbh go léir, a thír na n-óigh?
Budh mhór do ghlóir nuair bhí gach ceall lán daoine
Ag moladh Dé na ndúl gan sgith, gan feoigh,
Nach doimhin tá id' eudan airimh gach líne.
Ní marbh go léir, ní bhéidh tú marbh go deo,
Éireóchaidh tú go glórmhar fós, béidh saoirse
Ag teacht ar ais mar shamhradh th'réis an reo
A's feicfead thú faoi ghlóir arís, mo thír-se.
Ní marbh go léir! tá teanga chaoin na nGaodhal
Faoi onóir mhóir 'n ar measg, éist! seinntear
Binn-cheol na nGaodhal, an ceol is fearr 's an tsaoghal !
Tá iad araon faoi chliú 'rís ag ar muintear!
Ní marbh go léir! ní bhéidh sí marbh ar fad,
Tá spioraid nuadh ag teacht arís 'n ar dtír-se;
Is rún liom Éire d'fheicsint 'rís gan gad,
A's béidh sí saor arís le cabhair an Tighearna.
