AN GAODHAL.
141
SGELTA M'ATHAR MÓR.
le P. A. Dóthchair
Do rugadh mé in Éirinn —
Tá mo bliadhanta 'nois dhá scór;
M'athair, fuair sé bhás ó shoin,
Ach tá mo mháthair beo go fóill;
Is iomdha nidh ar smuain mé air
Ó d'fhág mé iad a m-brón,
Go h-áirighthe na sgeulta breágh
Fuair mé ó m'athair mór.
Táim anois 'san Oileán Úr —
Tír mhaith, saor 's slán,
Ionna bh-fuil ceolta siansamhuil
Le abhráin grinn 'gus dán;
Nuaidheacht a's sgeulta 'n domhain ann,
'S a daoine geanamhuil, cóir,
Ach ní'l ionnta an sásadh
Mar sgeulta m'athar mór.
Is iomdha uair de m'ógántais
Do chaith mé air a ghlúin —
'Sis iomdha uair do chuimil se
Mo cheann go cionamhuil, ciúin;
Is iomadh uair do rádh mar seo,
"A mhalraigh na n-dualaidhe ór,
Cuimhneochaidh tú 'sna bliadhanta teacht
Air sgeulta d'athar mór.''
Do labhair sé i nGaodhailge liom,
Is cháin sé an Béarla cam;
Budh h-iongantach, maith an tuigsint
Do rith thré n-a cheann;
Dubhairt sé go m-biodh aithmheul orrainn,
'S go g-caoinfeamuid go leor, —
Ó sin tuigim thré na briathra
Bhí i sgeulta m'athar mór.
Thaisbeáin sé dham e chloidheam gheal
Bhéarfadh solus ins an oidhch',
A ghunna 'gus a phíce
Bhí foluighthe ins an tuighe
Rádh, "Seo é 'n gleus thaitnigheas liom,
'Gus nearta le onóir" —
Budh é sin cuid de 'n chómhrádh
Agus sgeulta m'athar mór.
Nuair luidhim ar mo leabuidh
Dul a chodladh ins an oidhch',
An cheud rud a smuainim air,
'Réis athchuinge do Dhia,
'Guidhe sonas dom' dhaoinibh :—
Ó Dhia! ach sé do thoil is cóir!
Tá mé fuadaighthe 'r m'ais go h-Éirinn
Lé sgeultaibh m'athar mór!
