(37)
13Mhadh Rol. Uimh. 1.
SEACHT-MHÍ,
1898
TADHG Ó'CATHÁIN ⁊ an CORPÁN.
(Leanta)
chualaigh sé caint móran guth, ⁊ torann
na g-cos, ar a m-bóthar amach uaidh.
"Ní feasach mé cia bheidheadh amuigh
cho deirionnach insan oidhche," ar sé, "⁊
ar bhóthar uaigneach mar so." Sheas sé
ag éisteacht, ⁊ chualaidh sé glórtha mór-
án daoine ag labhairt thré n-a chéile, ach
níor thuig sé creud a bhí siad ag rádh.
"Muire maise!" ar sé, "tá faitchíos
orm! ní Gaedheilg na Beurla tá siad a
labhairt; ní féidir gur Francaidh iad!"
Chuaidh sé cúpla slat ar aghaidh agus
chonnairc sé go maith le solus na geal-
aighe, broscán de dhaoinibh beaga 'teacht
os a choinne, ⁊ bhí siad ag iomchar rud
éigin mór trom iona measg.
"O mo leun!" ar seisean, leis féin,
"ní féidir gur b' iad na daoine maithe
atá ann."
Sheas gach ribe gruaige bhí ar a cheann
suas ; ⁊ thainic crathadh in a chnámhaibh.
Bhí siad ag teacht chuige go luath.
Dhearc sé orra arís ⁊ thug sé faoi n-
deara go rabh bunáite fiche fear beag
ann, ⁊ ní rabh fear ar bith acu ní b'áir-
de ná trí troighe no trí troighe go leith.
Bhí cuid acu liath, agus d'fheuch siad an
t-sean. Dhearc sé arís, ach níor aithnigh
sé go ceart cad é an rud trom do bhí
ag iomchar, no go d-tainic siad suas
leis, ⁊ sheas uile 'nna thimchioll. Chaith
siad an rud trom ar an mbóthar agus
chonnairc sé 'r an mball gur corp marbh
é.
D' éirigh sé chomh fuar leis an Eug, ⁊
