2
AN GAODHAL.
níor rith an fhuil in a chuisleannaibh
nuair thainic sean-fhirín beag liath suas
chuige, & dubhairt leis,
"Taidhg ui Chatháin, nach ádhamhuil do
casadh orrainn thú?"
Níor fheud Tadhg bocht focal ar bith a
thabhairt amach; ní fheudfadh sé a bheul d
fhosgailt dá bh-fághfadh sé 'n domhan, &
níor fhreagair sé focal.
"A Thaidhg ui Chatháin," ar san firín
beag liath arís, "nach tráthamhuil do cas¬
adh orrainn tú?"
Níor fheud Tadhg aon fhreagairt thabh¬
airt dhó.
"A Thaidhg ui Chatháin," ar sé an trío¬
mhadh uair, "nach ádhamhuil é, & nach tráth¬
amhuil é do casadh orrainn thú?"
Ach d'fhan Tadhg bocht n-a thost, mar
bhí faitchíos air freagairt do thabhairt
dóibh, & bhí a theanga amhuil a's bheidheadh
sí ceangailte le carbad a bhéil.
D'ionntaigh an firín beag liath d'a
chompánaighibh & bhí luthgháir in a shúilibh
beaga geala, & "Nois," a dubhairt sé,
"ní'l focal ag Tadhg o Catháin; tig linn
deunadh leis mar is maith linn. A Thaidhg
A Thaidhg," ar sé, " tá tú ag cathadh
droch-bheatha & tig linn sglábhuidh dheunadh
dhíot anois, & ní thig leat-sa cur 'nnar
n-aghaidh ; ní'l aon mhaith duit ann. Tá
cumhacht againn ort. Tóg an corpán
sin."
Bhí Tadhg cho sganruighthe sin gur b'air
éigin leig sé an dá fhocal so as a bheul,
"ní thógfad," ar sé, mar d'a mheud a
sganradh, bhí a chroidhe gcomhnuidhe roigh-
in & do-lúbtha.
"Ní thóigfidh Tadhg o Cathain an corp¬
án," ar an fírín beag le gáire millteach
mar thorann glaic cipín tirm agus iad
d'a mbriseadh & le glór beag garbh mar
bualadh cloige do bhí sgoilte. "Cuiridh
d'fhiachaibh air a thógbháil. Agus sul do
bhí an focal as a bheul chruinnidh siad ui¬
le timchioll Thaidhg boicht, & iad uile ag
caint & ag gáire thré n-a chéile. Rinne
Tadhg feuchaint le rith uatha, ach leanad¬
ar é, & shín fear a chos amach eidir a
dhá lorgain & leagadh síos é air an m¬
bóthar, ann a phraiseach. Sul d'fheud sé
éirighe arís, rug na sidheoga air, cuid
aca ar a lámhaibh & cuid ar chósaibh, 'gus
chongbhaig siad go daingean é, i riocht
nár fheud sé corrughadh, & a eudan leis
an talamh.
Thóig seisear nó mhórseisear acu an
corpán in sin, & tharraing siad análl
chuige é; & d'árduigh siad ar a mhuin é;
bhí brollach an chorpáin fáisgthe le n- a
dhruim féin, & chuir siad dhá righ an chor¬
páin sin timchioll a mhuinéil féin. Sheas
siad ar ais uaidh cúpla slat in sin &
leig siad dhó éirighe suas. Do ghabh sé
ag cur cúbhair dhe & ag eascuine, agus
chraith sé é fhéin, mar shaoil sé 'n corp¬
án do theilgint uaidh. Acht budh mhór a
eagla & a iongantais nuair fuair sé go
rabh greim daingean ag dhá righ an chuirp
timchioll ar a mhuineul, & go rabh a dhá
chois ag fásga a leasracha go teann, &
níor fheud sé a chathadh dhé féin d'a láid-
reacht a fheuchaint Bhí fíoreagla air in
sin, & shaoil sé go rabh sé caillte.
"Ochón go deó!" ar sé, "is sé an
droch-bheatha atá mé ag cathadh a thug an
cúmhacht seo do na daoine maithe orm.
Geallaim do Dhia & do MHMuire do Phea-
dar & do Phól, do Mharcus & do Eóin,
& móidim go leasóchaidh mé m'anam & a
bhfuil rómham dom shaoghal, má fhágh' mé
teacht saor as an ngádh so. Agus pós¬
faidh mé Máire."
Thainic an firín beag liath suas leis
arís & dubhairt sé leis,
"'Nois, a Thaidhg!" ar sé, "níor thóig
tú an corpán nuair dúbhairt mé leat
a thógbháil, & b'éigin duit a thógbháil; b'
fhéidir nuair deirim leat a chur ní chuir¬
fidh tú é, nó go mbudh éigin duit!"
Rud ar bith a thig liom a dheunamh do
d' onóir," ar Tadhg, "deunfaidh mé é,"
mar bhí sé fághail céille cheana, & muna
rabh eagla áidhbheul air, ní leigfeadh sé 'n
focal sibhialta sin as a bheul go brách.
Rinne an firín beag sórt gáire arís.
"Tá tú 'g éirighe socair anois, a
Thaidhg," ar sé. "Mise mo bhannaidh," ar
sé, "ach béidh tú sochair sul atá mise
réidh leat.
"Éist liom anois a Thaidhg ui Chatháin
& muna n-úmhlaighidh tú d'a bhfuil mé
rádh leat béidh aithreachas ort — bu
