AN GAOOAL.
3
mise leat é. Caithfidh tú an corpán so
atá ar do mhuin iomchar leat go team¬
poll Démuis, & caithfidh tú a bhreith as¬
teach in san dteampoll leat, & uaigh do
dheunamh dhó gceart-lar an teampuill, &
caithfidh tú na leaca thógbháil, & a gcur
síos arís an chaoi cheudna, & caithfidh tú
an chréafóg iomchar amach as an dteam¬
poll & an áit fhágbháil mar fuair tú í, i
riochd nach n-aithneochaidh aonduine go
rabh rud ar bith athruighthe ann. Acht ní
h-é sin an t-iomlán. B'fhéidir nach leig¬
fidhear duit an corp do chur ins an d-
teampoll sin; b'fhéidir go bh-fuill an
leabadh sin ag fear eile, agus má tá, 's
cosmhúil nach roinnfidh sé leis an g-corp
so é. Muna bhfágh' tú cead a chur i d¬
Teampoll Démuis, caithfidh tú a bhreith
leat go Carraig-fad-mhic-Fheórais agus
a chur ins an gcill in sin. Muna bhfágh-
aidh tú dul asteach ins an áit sin, beir
leat go Teampoll Ronáin é, & má tá 'n
cill sin druidte ort beir go h-Imleog-
fada é & muna dtiucfaidh leat a chur
in sin ní'l agad níos mó le deunamh ach
a bhreith go Cill-Bhríde & cuirfidh tú ann
sin é gan bhaca gan bhárradh.
Ní fheudaim innsint duit anois cad
é an chill in a bhfuighidh tú cead an corp¬
án do leigint faoi 'n gcréafóig, tá fhios
agam go leigfighear duit a fhágbháil a d¬
teampoll éigin aca. Má ghnidh tú an o¬
bair seo go ceart béidhmíd an bhuidheach
díot, & ní bhéidh aon ádhbhar bróin ort-
sa mar gheall ar do thrioblóid, acht má
tá tú leisgeamhuil & mall, creid mise,
go mbainfimíd ar sásughadh asadh."
Nuair a chríochnidh an firín liath a la¬
bhairt, leig a chomráididh gáire asta &
bhuail siad a mbosa le chéile. "Glic!
glic! hui! hui!" ar siad, "bí ag imtheacht
tá ocht n-uaire romhat anois sul a bhris-
fidh an lá, & muna bhfuil an fear seo
curtha agad sul éireochaidh an ghrian tá
tú caillte."
Bhuail siad dorn ar dhruim agus cos
ar a thóin & thiomáin siad ar aghaidh ins
an mbóthar é. B'éigin do siubhal & shiubhal
go luath, mar nach dtug siad aon
sgith dhó.
Shíl sé féin nach rabh cosán fliuch, bóith¬
rín salach, nó bealach cam, cnapach, con¬
trálta ins san gcondae nár shiubhal sé
an oidhche sin.
Nuair thigeadh smúid ar an ngealaigh
do bhidheadh an oidhche air uairibh an dhor¬
cha, & thuiteadh sé go minic. Ar uairibh
ghortuigh sé é féin agus ar uairibh tháin¬
ic sé saor; ach b' éigin dó éirighe ar an
móimeud agus deifir mhór a dheunamh,
cor uair do bhriseach an ghealach a¬
mach go geal, agus in sin dhearca sé 'na
dhiaidh & d'fheiceadh sé na daoine beaga
'ghá leanamhuint ar a chúl, agus chualaidh
sé iad ag caint agus ag cómhrádh eat¬
orra féin, ag béiceadh agus ag sgread¬
aoil mar ealta faoileán, agus dá saor¬
fadh sé a anam nior thuig sé aon fhocal
d'a rabh siad ag rádh. Ní rabh fhios aige
cá fhad do shiubhal sé, nuair ghlaodh ceann
aca leis "fan in seo." Sheas seisean,
agus chruinnigh siad uile 'na thimchioll.
"An bhfeiceann tú na sean-chrainn
seargtha sin?" ar san sean-bhuachaill
liath leis, "is ameasg na gcrann sin tá
Teampoll Démuis, agus caithfidh tú dhul
asteach ann anois, ach ní thig linne a dhul
leat. Caithfidh muid-ne d'fhágail in seo.
Téidh ar d'aghaidh, agus bí dána."
Dhearc Tadhg uaidh agus chonnairc sé
balla árd a bhí leáth-bhriste, i n-áiteach¬
aibh, agus sean-teampoll liath taobh as¬
tigh de 'n bhalla, agus bunáite duisín
sean-chrainn seargtha scaptha anonn a's
análl thríd an gcill. Ní rabh bláth nó
duilleog orra ach bhí a sean-gheugáin sín¬
te amach mar lámha duine ar feirg a
bhí ag bagairt. Ní rabh aon neart aige
air; b'éigin do siubhal. Bhí sé cúpla ceud
slat ó 'n dteampoll, agus níor dhearc
sé in a dhiaigh no go dtainic sé go geat¬
a na Cille. Bhí an sean-gheata leagtha
agus níor fhuair sé aon bhaca dul as¬
teach. D'iontaigh sé in sin le feicsint
an rabh na daoine beaga gh'a leanamhuiet
ach bhí smúid ar an ngealaigh & an oidhche
dorcha & níor fheud sé dada fheicsint.
Chuaidh sé asteach in san gCill agus
shiubhal sé an sean-chosán feurmhar, do
bhí dul suas chum an teampoill. Nuair
(Le bheith leanta.)
