4
AN GAODHAL
A BHÁIS MÍO-NÁDÚRTHA.
A bháis mío-nádúrtha! chím do neart
Ó tháinic mé isteach do 'n t-saoghal,
Acht má leanaim díreach an t-slíghe cheart
Do m' anam aon dubhach ní baoghal.
Is ógh do rinnis díom dílleachtaidhe
Nuair rugais mo shinsir uaim;
Cidh gur an-bheag 'na ndiaidh bhí mo chaoi,
Níor chuireas ann puinn de shuaim.
Mo dhearbhbhráthair Padraic, an buachaill breágh,
'Gus mo dheirbhshiúr, Máire shéimh,
Do mhairbhis iad le gort agus gádh,
'Gus d'fhágbhais a ndreach gan sgéimh.
Cuireadh iad i bparáisde Cill-Chrocháin,
I mainistir Achaidh Mhóir,
Le taobh na tuinne ag Dair Fhionáin,
I reilig a sinsear chóir.
Do ritheas, monuar! ó Inis Fáil,
Nuair dhearcas le brón do loamh;
Óir ní raibh am chumas buaidh ort d'fhághail
Le Sasana ar do thaobh.
Acht do leanais mé análl tar sáil
'Gus chuiris i n-umhail do réim;
Ní raibh aon mhaitheas dom dul ód' dháil
Nó teitheadh aon lá ód' bhéim.
Rugais leat mo thriúr deas mac,
'Gus 'na ndiaidh mo dhís inghean;
Tá an cúigear agad shíos faoi leac
'Gus mise go dubhach lem' bhuídhean.
Bhainis di urlabhra a béil,
'Gus as a taobh deas a lúth;
Níor fhágais aici aon chuid d'a céill;
Do líon sin go léir mo chumha.
Sin é an buille is troime fós
Do thug tú dhom athrughadh ndé;
Mo chéile gheanamhuil gan aon droch-nós
Do rugais leo faoi an gcré.
Anois, a Bháis, táim ullamh le teacht;
Is cuma liom dheas nó thuaidh;
Cóimhlíonfad aitheanta Dé 's a reacht
Chum go sínfear mé san uaigh.
'Gus tá mo dhóchas le dul ar neamh
Is bheith i ríoghacht Dé go deó;
Ní bhfághaim ins an tsaoghal so acht baois leamh,
Cathughadh anachrach 'gus gleó.
10 Feabhra, '90.
Amhlaoibh Ua Súilleabháin.
