AN GAODHAL
5
THE STAR SPANGLED BANNER.
(An Bhratach Ghealréaltach.)
Translated for the Gaelic Societies and Students of the
United States.
O abair, an léir duit, lé fáinne an lae,
An bhratach bhí 'n áirde lé tuitim na h-oidhche?
Tríd an chath bhí na riabha 's na réalta geal-ghlé
Agá luasgadh go h-uasal, 's ag misniughadh ar gcroidhthe;
Is ar imtheacht do 'n ló, níor ghéill sí go deo
Acht a caor-theinte ag pléasgadh 'sna spéarthaibh le gleo!
O abair, bhfuil an bhratach ghealréaltach go síor
Os cionn tíre na gcródha is talaimh na saor?
Ar an tráigh thall, go doiléir lár ceótha na dtonn,
Tá sluagh borb Sacsan go gruamdha 'na luighe;
Caidé siud ar an árd thuas, ar luasgadh anonn,
Is dá cheilt is dá thaisbeaint, réir athrughadh na gaoithe?
'Nois tá solus na gréin' a' lonnradh air go tréan!
'Nois is léir dom a sgáile 'san tuinn — féach í féin!
Sí an BHRATACH GHEALRÉALTACH, go raibh sí go síor
Ós cionn tíre na gcródha is talaimh na saor!
Is cad d'éirigh do'n drong úd thug mionna go teann
Go bhfágfadh gan tír sinn, gan árus 'na sheasamh,
Is go dtiubhraidís léan leo, is leathtrom is lann?
O! do sgrios a gcuid fola rian gránna a gcosa.
Ní'l cara ná cáil aig fealltóir ná tráill,
San uaigneas, san uaigh, ní'l a bhfosgadh lé fagháil!
'S tá an bhratach ghealréaltach go buadhach 's go síor
Ós cionn tíre na gcródha is talaimh na saor!
Gur ab amhlaidh go bráth, nuair sheasfas na laoich
Idir sluagh na namhad is árus a gcloinne;
'S go raibh altughadh is glóir d'Athair Buaidhe is Síth
A thug Dúthaigh Uaidh féin dúinn, go deireadh na cruinne!
Beidh rath ar ar neart, mar tá linne an Ceart
Is tá dóthchas ar gcroidhthe as Dia na bhfeart!
'S beidh an bhratach ghealréaltach go buadhach go síor
Ós cionn tíre na gcródha is talaimh na saor.
E O G
amhna.
Féac
Vol XII. l. 140.
