6
AN GAODHAL
MIANAS
Leis an nGabhar Donn.
Tá 'n fhearthainn ag tuitim, is dubh an lá,
Acht feicfear na blátha 's an samhradh breágh,
Béidh ceol a's aoibhneas ar feadh an lae,
Ag ruagadh ar mbróin uainn le cúngnamh Dé.
Le cúngnamh Dé béidh na páistidhe fós
Ag imirt ar bhruachaibh na mara, nós
Do chleachtamar féin dob' óg an croídhe;
Do sheinn sinn go súgach — Is mé an righ!
Is mé an righ, Ach! dob' fhíor an rádh,
Gan cúram, gan doilgheas, gan gleo, gan crádh !
Hurráth! a righ! budh mhór do réim,
A chroidhe gan urchóid! a anam gan bhéim!
Bhí d'anam gan bhéim ins na laethibh úd,
Do chaith tú do bheatha gan áird i gclúid
Na tíre dob' aoibhne, 's budh sásta thú
Le d' righeacht, a bhuachaill! gidh bheag do chliú.
Gidh bheag do chliú, bhí do speur gan ghruaim
Acht d'imthigh an aimsir bhreágh úd uaim
A's uait-se a chara! nach brónach dhuit
An lá do bhí, a's an fhearthainn do thuit?
Selnnéid.
Leis an nGabhar Donn,
Tá gáir mhór threun ag teacht dam as an oídhche,
'S í gáir na ndaoineadh — táid faoi bhrón d'a bhriseadh;
Gidh brónach iad, is brónuighe, briste mise,
Óir mothuighim ionnaim brón an domhain a choídhche.
Nuair bhídhim amach ag súbhal ar fad na críche,
Síor-chluinim gáir na n-eun ameasg na drise,
Gídh suairc, is doilgheasach ar uairibh ise!
Gidh fuaim a chluinim, tá innti brón a's fiche!
A Chríost! bhí um do cheann coróin na spíne,
A' d'fhulaing tú gach pian a's crádh budh ghéire;
Ó fhlaitheas árd shíor-bhreathnuigheann tú na daoine
D'a dteastughadh chum go mbeidhid do dhaoine gléire.
Ar neamh na mbeo, 's béidh árdaingeal gach líne
Do sgríobh dobrón na n-eudanaibh soilléire!
