AN GAODHAL
7
TEACHDAIREACHT na SIGHEOIGE,
Leis an "Iartharórdha."
Bhí sigheóg dob' annsa, ag caoineadh go ceannsa,
Faoi neultaibh na neimhe 's ba cráidhte a croidhe,
Bhí a Gaedhilig ghlan-ghrádhamhuil ag eugadh neamhthráthamhuil,
S níor mhaith leis an t-sigheóg a teanga dhul faoi.
Le na aingil árdchruthaighe caomh-aillne lán luaithe,
Ag moladh go múirneach faoi chathaoir an Riogh,
'S le Peadar, priomh-thoghadh ag seinm rann roghadh,
Nár thruagh, go deimhin, a teanga dhul faoi?
As a chathaoir chlochshoillseach léim Padraic go foillseach,
'Gus ghoir sé go glórach ar Pheadar ag rádh :
"A naomh! cia gan amhras, i nGaedhilig ghlan, labhras
Nocht amharc ar neamh dhó mar gheall ar mo ghrádh"
As a ionad árd an-mhór, d'éirigh Peadar go greannmhar,
'Gus d'fhosgail na doirse fórórdha, annsin —
Ag cromadh níos ísle do 'n tsigheóg is dísle
Do chogar 'na cluais an sgeul so go binn :—
"A shigheóig shamh shárumhail, béidh d'anam ro-bharramhuil
Óir geallaim gan gostog, a's creid é id' chroidhe.
Cia bé iarras i nGaedhilig ghlan-bhriathrach, sgeulach
Ar amharc ar neimh, ní diuilteóchaidh é choidhch'" —
Shiúbhal an tsigheóg go luath 's chomhchruinnigh a sluagh
Do bhí scaptha ar fúd na reult rúnach go mór;
Leis a stoc bhinn a' géimniughadh, bhí a sluagh ag léimniughadh,
'S bhí luathgháire orra 'gus gáire 'gus glór.
An bhfuilir ag éisteacht, a Ghaoidheal! le gleustacht
Le na cogaraibh ciúine tá 'g corrughadh do chroidhe?
Is iadsan gutha na sigheóg 'tá 'g sruthadh,
Tré shaoghal na saoghal gan sgaradh gan sgíth.
A éist leo gan srianadh, na cogaraibh críonna —
Téidh! foghluim an Ghaedhilig gus foghluim o'n lár,
'S beidh ciúineas id' chliabh níos mó ná bhí riamh,
'Gus nochtfear ar neimh dhuit an amharc is feárr.
