AN GAODHAL
11
etic effort by our old friend of Hol¬
liston. Also, a pin-picture of the
"guinea-pig" lordly blacklegs that
rob and murder our people. So
that, as Mr. Henehan said the oth¬
er night, "Every Irishman should
support the Gael if he were to put
it in the fire."
CATHAIR PHROINNSIAIS.
An cúigeadh lá de Mhímheádhain an
Fhóghmhair, '92.
M. J. Ua Lócháin :—
A Shaoi,
I bhfíorthosach, léig dom, le do thoil
buidheachas do thabhairt duit de bhrígh
nar dheárnadh tú dearmad do pháipeur
tuigsionach do chur chugam ar feadh an
tamaill do bhíos ag déanamh mo dhithchill
beagán Gaedhilge d'fhághail im' cheann.
Is fíor dom a rádh go raibh fonn mór
orm cumas do bheith agam chum sgríobh¬
tha i nGaedhilig sul do chuirfinn litir i
dtriall chugat. Bidheann an Gaodhal ag
teacht do m'ionnsuigh a gcomhnuidhe, &
mar sin féin gan íoc do bheith agat air
agus gan fios agat, cad mar gheall air.
Sin é an t-ádhbhar de, shuas.
Deirtear go ndubhairt m'athair breis
agus bliadhain roimh fuair seisean bás
go ndúnfaidhe a leabhar go bráth gan
aon duine amháin do chleachta a
léigheadh agus is mar sin do bhí cuma 'n
cháis an t-am d'eug sé agus ar feadh
bliadhna beagnach 'na dhiaidh sin, no go d¬
ti aon la de laethibh 'nuair bhí mé ag
cuartughadh imeasg na leabhar i leabhar¬
lann m'athar agus thainig mothughadh fios¬
rach ar mo chroidhe i dtaobh cad é an
rud an Ghaedhilig go ngrádhóchadh m'athair
í chomh maith sin.
Ní éigin dom a rádh go bhfuair mé a¬
mach é agus is féidir liom a rádh go bh¬
fuil eagla mór orm go rug mé ar
"Tartar."
Cuirim chugat leis an litir seo rud
beag airgid ar son an Ghaodhail.
Misi mac do charad, "Seanghualainn"
Uilliam G. mac ui Aodhagáin.
A Cháinde Ghaodhail. —
Feicfidh sibh ar dhulthaobh eile de
an Ghaodhal an Bhratach Ghealréaltach
athruighthe ó 'n Sacsbheurla leis an Oide
tíorghrádhach, fóghluimte, an t-Athair O'
Gramhna. Agus ni misde a rádh gur
feárr go mór an t-aistriughadh ná an
túsughadh.
Uime sin, ótárla go bhfuil níos mó d'
ar sliochd in Éiremór ná tá in Éire-
bheag, & gur cosamhuil go mbéidhid a meu¬
dughadh ann gach lá, budh chóir dúinn an t¬
abhrán tíorghrádhamhuil sin do chur i mea¬
mhair & é a sheinim taobh le taobh le O'
Domhnaill Abú & Éirighe na Gealaighe ar
gach ócáid shiamsamhuil d'r gcumaoin.
Seinneann an grádhuidhe (grádhuigh¬
theoir) maise & áilleacht a shuiridheach de
bhrigh go ngrádhuigheann sé í; grádhuigh¬
eann muidne ithir agus talamh na h-Éir¬
eann de bhrigh gur b'iad áit chomhnuidhe
ar n-athrach leis na míltibh bliadhan. Tá
ar sliocht a meuduaghadh, tá sé cho meu¬
duighthe anois a's nach bhféidir leis tuill¬
eadh in Éirinn. Uime sin, caithfidh 'n bar-
rachas áit chómhnuidhe fhághail in áit éigin,
agus is dóigh linn gurab í Éiremhór an
áit sin. Mar sin, mar dúbhramar
cheana, bu chóir dúinn abhráin thíorghrádhach
ar n-árais nuadha do sheinim cho sponc¬
amhuil agus cho croidheamhuil le abhráin
ar sean d-tíora.
Tá an Bhratach Gealréaltach againn
anois ó lámhaibh ar n-Óide féin — an t-
Oide tíorghrádhach, tig linn a rádh, do
chuir a mharthainn i gconntabhairt ar alóir
theangan a thíre. Seadh; tá an Bhratach
Ghealréaltach i dtomhas agus i mbriath¬
air i gcuma nach féidir leis an túsughadh
do righeadh.
OBITUARY
It is with profound regret that we have to record
the death of Madam Latady, of Mobile, Ala.
Madam Latady, whose maiden name was Mar¬
garet Dineen, was born in Cork, but came to New
Orleans at an early date, and thence to Mobile,
where she carried on the millinery business.
Madam Latady was a woman of excellent educa¬
tion, broad views, and a thorough Nationalist,
She was very much interested in the Gael, and its
firm supporter during life.
Madam Latady left considerable property, and
two sons, one a lawyer, the other an engineer. —
Requies cat in pace,
