(38)
13Mhadh Rol. Uimh 2.
SAMHAIN.
1898
TADHG O'CATHÁIN ⁊ AN CORPÁN
(Leanta).
ráinig sé an doras fuair sé glas air.
Bhí an doras mór ⁊ láidir. Tharraing
a scian amach ⁊ sháith sé ans an adhmad
í ach ní rabh an t-adhmad lobhtha. "Nois"
ar seisean leis féin, ní'l aon rud eile
le deunadh agam; tá an doras druidhte
⁊ ní thig liom-sa a fhosgailt." Sul a bhí
na focla sin cumtha aige in a inntinn
féin, dubhairt glór in a chluais — "cuar-
taigh an eochair ar chúl an dorais, no ar
an mballa." Ghlac sé scannrughadh.
"Cia tá ag labhairt liom?" ar sé, 'g
iompógh ach ní fhacaidh sé duine ar bith.
Chogair an guth in a chluais arís — cuar
taigh an eochair ar chúl an dorais no ar
an mballa.'' "Cad é sin?" ar Tadhg,
⁊ an t-allus ag rith d'a mhala. "Cia labh
air liom?"
"Mise, an corpán, a labhair leat," ar
san guth.
"Bhfuil caint agad?" arsa Tadhg.
"Nois ⁊ arís," arsan corpán.
Chuartaigh Tadhg an eochair ⁊ fuair
sé ar bárr an bhalla í. Bhí an iomarc-
uidh iongantais ar le tuilleadh labhairt,
d'fhosgail sé 'n doras go ciúin farsaing
⁊ chuaidh sé asteach leis an g-corp ar a
mhuin.
Bhí sé cho dubh leis an oidhche an taobh
astigh, ⁊ thainic crith ar Thadhg bocht.
"Las an choinneall, las an choinneall,"
ar san corpán.
Chuir Tadhg a lámh in a phóca ⁊ tharr-
