18
AN GAODHAL
aing sé amach a sgian & cloch-teine. Bhain
sé drithleog aistigh, & las sé ceirteach
dóighte a bhí in a phóca, shéid sé é go n-
deárnadh sé lasair, agus dhearc sé 'na
thimchioll. Bhí an teampoll an aosta &
cuid de na ballaibh briste síos, & na
fuinneoga sgoilte, & ámad na bhfoirm
lobhtha. Bhí sé no seacht de na sean chionn
leoiribh ann fós. Bhí stumpán sean
choinnle fágtha i g-coinnleóir aca, & las
Tadhg é.
Bhí sé breathnughadh ar an áit aisteach
ghráineamhuil sin, nuair chogair an corp¬
án fuar arís ann a chluais, "cuir mé
feasta, cuir mé feasta, sin tháll an
spád an aghaidh do láimh, & preab an ta
lamh, preab an talamh."
Dhearc Tadhg uaidh & chonairc sé spád
le h-ais na h-altóra. Thóig sé in a láimh
é & cuir sé a bhárr faoi leic do bhí i g-
ceartlár an teampoill, & d'fhág sé a
thruime féin ar chois na spáide no gur
thóig sé an leac.
Nuair bhí an cheud leac tóigthe ní rabh
sé deacair an cuid eile dhíobh a chorrugh-
adh, & bhain sé trí no ceire cinn acu as
a n-áiteachaibh. Bhí an chréafóg do bhí fú
tha bog, & b'fhuras dó a rómhar. Ach níor
chaith amach níos mó ná lán trí no ceire
shluasad de an chréafóig nuair bhain an
t-iarann le rud bog éigin mar fheoil
Chaith sé trí no ceire shluasad eile ó na
thimchioll, & chonnairc sé gur corp eile
é do bhí curtha ins an áit sin.
"Tá faitchíos orm nach leigfighear dom
an dá chorp chur le chéile," ar Tadhg in
a inntinn féin.
"Thusa! a chorpáin ar mo mhuin," ar
seisean, mbéidh tú sásta máchuirim inso
thú," acht níor fhreagair an corpán fo-
cal. "Is cosamhlacht mhaith é sin," arsa
Tadhg in a inntinn féin, "b'fhéidir go bh-
fuil sé 'g éirighe socair," & sháith sé an
spád síos ins an dtalamh arís. B'fhéid¬
ir gur ghortuigh sé feoil an chuirp eile
mar sheas an fear marbh, do bhí curtha,
suas ins an uaigh, & chuir sé géim fíor-
áidhbhéil as, hul hu! hu! imthigh! imthigh!
imthigh! no is fear marbh, marbh, marb,
thú!" & thuit sé ar ais ins an uaigh arís
Is minic ó shoin a dubhairt Tadhg gur
b'é sin an rud budh áidhthéile de na rud-
aibh iongantacha do chonnairc sé an oidh-
che áidhbhéil sin Seas a ghruag mar fionn¬
adh muice ar a cheann, rith an t-allus d'
a eudan, & thainic crathadh ar a chnamh¬
aibh arís, gur shíl sé go dtuitfeadh sé.
Ach d'éirigh sé nios dána nuair chonnairc
sé an dara corp 'na luighe go socair, &
chaith sé an chréafóg asteach air arís, &
rinne sé sleamhain os a cionn í, & leag
sé na leaca arís go chúramach mar bhí
siad roimhe sin,
"Ní féidir go n-éireochaidh sé arís,"
ar sé. Chuaidh sé síos an cosán do bhí
lár an teampuill, no go rabh sé ceitre
no cúig de shluasta níos foigse do 'n do¬
ras, agus thoisigh sé ag tógbháil na leac
arís, ag iarruidh leabuidh eile do'n chor¬
pán do bhí ar a dhruim. Thóig sé trí no
ceithre leaca, agus chuir sé ar leathtaobh
iad, in sin thochail sé an chréafóg. Níor
b'fhada bhí sé d'a tochailt nuair nochtuigh
sé sean-bhean lom gan snáithe uirri acht
a léine, do bhí curtha ins an ait sin. Bí
si se níos beodha ná 'n cheud chorpán, mar
's ar éigin thóig sé cuid de 'n chréafóig di
nuair shuidh sí suas agus thoisigh sí ag
báirseáil. "Hó! a bhodaigh, ha a bhodaigh"
ar sí, "Bhfuil sé 'g am bhuaidhreadh! cá
rabh sé féin no cá 'r chaith sé a shaoghal
nach bhfuair sé leabuidh, nach bhfuair sé
leabuidh?"
Tharraing Tadhg bocht ar ais, agus
d'fhan sé 'na thost, & nuair fuair sí
nach rabh sí fághail freagartha, do
dhruid sí a súile go mall, agus chaill sí
a lúth agus thuit sí go ciuin ar air faol
an gcréafóig. Rinn Tadhg léithe mar
rinne sé leis an bhfear, chaith sé an chréa¬
fóg ar ais uirri, agus d'fhág na leaca
os a cionn.
Rinne sé tochailt arís anaice an dor¬
as ach sul do chaith sé níos mó ná cúpla
sluasad de'n gcré amach thug sé lámh
duine faoi ndeara, nochtuigh sé leis an
(Le bheith leanta)
Brooklyn P.-Celts feel keenly the
absence of one of their most active
officers, Mr. Thomas Jordan, who
has gone on a visit to his native
home, Coilltymagh Co. Mayo.
