AN GAODHAL
19
Micheál. J. Ó Lócháin — A Charaid Fior; Cuirim chugad, an mhí seo
abhrán grádh a scríobh mé síos ó fhocla 'Liam Ui Dhomhnaill, Rann-na-Feiste,
Cordae Dhún na nGall. Féachfaidh tú, le do thoil, a chur i bpionda cho deas, coimh¬
éadach & thig leat. Má tá iomarca grádh ann, is cuma sin de bhrigh nach páistidh a
bhidheas a léigheadh Gaedhlic ans na laethe seo. Ní shílim gur de, chorr a bith, an
cheathramhadh; "Ní reata gan chéill." Le meas mór duit-se,
Domhnall O Murchadha.
PÁISTE AN BHROLLAIGH GHIL BHAIN.
A Mhuire 's a Righ! nach bh-fuil mé 'gus í,
A d-Tulaigh ná air thaobh na Chruaiche,
'S gad eadarainn araon ach famainne féir,
'S níor bh' iogal dúinn aon smid fhuacht ann;
Bhéidheadh míle arrainn ann éaga a g-cara mo chléibh,
Mar g-cuirinn a bh-féim mo stuaim dith,
'S air neamh-chead ó 'n chléir, béideadh sí agam féin,
Dá m-bainfidhe ó 'n fhréimh a chluas díom.
Éirigh, a shiuir, 's déan réidh an siúbhail,
A's tréig a' chlúid seo dhe dh-Éirinn,
Leig do rún liom féin air d-tús,
'S ní bhéidh ort cúmhaidh ná buaidhreadh;
O Chúige Múmhan go Condae an Dúin,
'S go Corcaigh, a rúin, dá d-téidh muist,
A ghile gan smúid, níor thorsa mo shiúbhal,
Dá bh-feicfinn a d-tús gach lae thú.
Bhí mise ó thús go macánta, múintí,
'S bhidheadh cailínidh ciuine a caint liom,
A's cheannuighinn dóibh úbhallaidh, meil agus siúcra,
Biotáilte 's plúr gan amhrus;
Ach anois ó is rún domh a ghoil faoi 'n chúmhdach,
'S do choinneáilt ó smúid na Samhna,
Béidh muid go cúiseamhail, aigeanta, lúthmhar
A deasughadh na n-uan 's na ngamhna.
Ní reata gan chéill mo leanbh bán féin,
Ach cailín beag, céillidh, stuama,
'S má d'imthigh sí aréir, ní locht orthí é,
Le scafaire an t-sléibhe air uaigneas;
A' fear udaigh a d'fhéad í a mhealladh dhó féin,
Cuirim-sa léan agus ruaig air;
Nár shuigh lé n-a taobh 's a bheith a pógadh a béil.
'S ní rachfadh sí ann a t-sléibhe dhe 'n ruaig sin.
Bhí mise agus páiste an bhrollaigh ghil, bháin,
Amuich ans a' lá 's mé a cómhrádh,
Bhí sise sástaí mise a bheith dáltach,
A' d-tigeann sibh cás de 'n t-seort sin?
Ach anois as mo bhás ní bh-fuighinn cead lámh
A leagaint air bhásta a cóta,
Ach má's olc le n-a ráit, sul dhá deárnadh a dáilt,
Chuidigh mé an babaidh a chóiriughadh.
bheidhinn,
eadar a
géaga
