AN GAODHAL.
21
TIOMGHAIRM Ó ÁRAINN.
Leabharlánn Gaedhilge le hadhaidh
Árainn.
Mar gheall ar an obair a tá deun¬
ta ag Connradh na Gaedhilge ar feadh
na dtrí no ceathar de bhliadhantaibh seo
chuaidh tharrainn, tá spéis & suim mhór
dh'a chur ag na daoinibh ionna dteanga
nádúra féin. Tá an spéis sin ag siúbh¬
al anois chomh tréan & chomh bríoghmhar le
neart electriocha, & sílimse ó thárla
gur cuireamr an t-suim sin ionnta go
bh-fuil sé riachtanach orrainn leabhra
feileamhnacha do fhághail dóibh.
Má dúisidhthear daoine as a gcodladh
& tart na góghlama do chur orra & gan
aon deis do thabhairt dóibh leis an tart
sin do chosg, deirimse gurb é an cineál
pionúis is milltighe, is cruaidhe & is géi¬
re cuireadh ar dhuine ar bhith i riamh.
Tá tart na foghlama aithbheoite anois
in-Árainn & tá siad ag iarraidh leabhar
le eolas d'fhághail.
Le go bhfuighmid leabhra 'na dteanga
féin, 'seadh tá mé ag cur na litre seo
chugat le súil go dtiúbhradh do chuid léigh¬
theor congnamh dhúinn.
B'fhéidir go mudh chóir dhom cur gcéill
dóibh nach dteasteann leabhra Béarla
uainn, & ní'lmid gh'a n-éiliughadh.
Ní Sasanaigh atá ionnainn fós, buidh¬
eachas le Dia.
Ní'lmid saluighthe le béasaibh an tean¬
gadh Ghalldha fós, cé, go deimhin, g bh-fuil
na "Sgoilte náisiunta' againn, & is ró
dheacair an fíor-spioraid do chongbhál
beo i n-áit ar bith i mbeidh na plágaoi
uathbhásacha sin. Ní theastuigheann uainn
acht rud eigin le léigheadh in ar dteang¬
adh féin — an teanga thuigeas muid &
an chanamhuint air a bhfuil meas & grádh
& cion aguinn.
Sé an neamh-eolas seo ar bhéasaibh &
chleachtaibh gránna ar námhad spuigeas
& thugas misneach dom go mbeidh oileáin
Árann mar bhíodar "isna n-aimiribh so¬
na chuaidh thart," 'na réalt-eolais ag
macaibh-léighinn na tíre. Baisteadh Oil¬
eán na Naomh & na n-Ollamh" ar Árainn
aon uair amháin & fuair Éire go léir an
t-ainm sin ó shoin. Ní'l amhus ar bith
nach roibh suidheachán-Oideacháis ann seo
'na roibh fáilte roimh gach uile dhuine,
cathaoir-fóghlama an-bhárrach iongantach
i gcúis creidim & gach uile ealadhan d'a
roibh fios ag na daoinibh air san am sin.
Ní'l againn acht breathnughadh ar na
seacht dteampallaibh, no b'fhearr liom a
rádh ar méid atá fágtha díobh, le chruth¬
ughadh dhúinn go roibh caláistí & mainis¬
tirí i n-Árainn, & tá sé mar sheanachas
i mbeul na ndaoine go roibh mórán mac¬
léighin ann aon uair amháin, & go deimhin
ní iongantas ar bith é sin mar bhíodar
iargúlta &, ar an ádhbhar sin, cosnuighthe
& cumhduighthe ó scrios na Lochlannach &
droch-bheartaibh & díoghbhálaidhibh na norm¬
anach nuair bhí mainistirí Bhangor, Leas
a-mhóir & Ardmacha i ngáibh (conntabh¬
airt). An iogantas ar bith é mar sin
gur conbhaigheadh cion & meas & grádh ar
na sean-sgeultaibh & beul-oideas thridh
dhonas, anfadh & cruaidheacht. Ní fheud¬
fainn innseacht caidé an bród chuireas
sé orrainn gur in Árainn d'ól an t-Ath¬
air Ó Gramhna & Eoin MacNéill an chéad
deoch ag tobar na Gaedhilge. Sin iad
beagán de na neithibh chaithfheas lóchrann
an t-seanchuis & naomhuigheacht ar Ár¬
ainn.
Tá do chongnamh ag teasdáil uainn, a
léightheoir chneasda, macánta, go g-cois¬
neochar & go n-athghlanfear & go líonfar
lampa an eolais a críonnuigheadh go mi¬
nic acht nár múchadh ariamh.
Tá againn anois féin fear úmhal,
bocht, síbhialta, cnasda, macánta. dharb
ainim Marcus O'Flathartaigh. Tá 'na
fhile, 'na sgoláire & 'na dhuanaire. Is
fear a bhfuil eolas aige ar gach uile shórt
ceist, neithe & ealadhan, & mac-léighin ar
bith thiocfas go h-Árainn feicfidh sé má¬
la & cisde seanachuis — Marcus Mhicil
lán go béal. Ní h-é amháin go bhfuil sé
eolasach ar an teanga mar labhartar í
anois, acht tá sé fóghlamta ar an mea¬
dhon & ar an t-sean-Ghaedhilge mar an g¬
ceudna.
Le súil Oileáin Árann a dheunamh 'na
gcolástí Gaodhalach mar bhíodar ins an
