34
AN GAODHAL
a sínte, & chuaidh sé amach as an gCill.
Fuair sé é féin ar an tsean mbóthar
cnapach, clocach & sheas sé arís gan fhios
dó cia an taobh budh chóir dó iompó Shín
an corpán a lámh cheana amach arís, &
thaisbeáin sé dhó an bóthar eile, nach d¬
tháinig sé suas nuair bí sé ag tarraing
do 'n tsean teampoll.
Chuaidh Tadhg ar aghaidh in san mbóthar
sin, & cho minic & thigeadh sé go h-áit in
a rabh bóthar no chosán buailte air an
mbóthar ann a rabh sé siubhal, do shíneadh
an corpán a lámh amach arís ag tais¬
beáint an bhealaigh chirt dhó. B' iomdha
an crosbhóthar d'ionntaigh sé, & b' iomdha
bóithrín cam do shiubhal sé, no go bh-fac¬
aigh sé sean-roilig uaidh, ar deire, air
thaobh an bhóthair. Bhí rud innti cosamhuil
le teampoll no teach mór briste síos,
ach ní rabh aon t-séipeul ná teampoll
ann. D'fháisg an corpán go teann é, &
stad Tadhg. Dubhairt an corpán in a
chluais arís,"Cuir mé! cuir mé! 'sa g-
cill ! 'sa g-cill!"
Do tharraing Tadhg anonn do'n tsean
roilig, & ní rabh sé nios fuide ná tim¬
chioll fiche slat uaidh nuair a thóig sé a
shúile & chonnairc sé ceudta & ceudta
tais, mná, fir, & páistidh, 'na suidhe ar
bhárr an bhalla, no 'na seasamh an taobh
astigh, ag rith anonn 's análl, ag síneadh,
a lámh amach, ag léimnigh, ag damhsa, ag
corrughadh a mbéil amhuil a's mar bheidh¬
eadh siad ag labhairt, ach níor chualaidh
Tadhg aon fhocal no aon toran. Bhí
faitchíos air dul an aghaidh, & sheas sé
suas mar bhí sé. Ar an móimeud, bhí na
taiseanna uile socair agus níor chuir
siad cor asta. Thuig Tadhg in sin gur
b'ag iarruidh a chongbháil ó dhul asteach
do bhí siad. Dhruid sé cúpla slat níos
foigse do 'n bhalla, agus rith an sluagh
uile le chéile do'n bhall a rabh seisean ag
triall, & bhí siad cho tiubh sin le chéile ná
'r fheud sé briseadh tríotha dá mbudh
mhian leis é, acht ní rabh aon mheisneach
aige a fheuchaint.
Chuaidh sé air ais go briste brónach, &
nuair bhí sé cúpla ceud slat imthighthe ó'n
g-cill stad sé, mar nach rabh fhios aige
cad í an áit d'iompóchadh sé anois.
Dubhairt guth an chorpáin in a chluais,
"Teampoll-Ronáin, Teampoll-Rónáin,"
agus bhí an lámh cheana sínte amach arís
le taisbeáint an bhealaigh dhó.
B'éigin do siubhal cho tuirseach agus
bhí sé, agus ní rabh an bealach gearr, &
ní rabh sé cothrom. Bhí an oidhche níos
dorcha ná riamh, agus budh deacair leis
imtheacht. B'iomdha leagan a fuair sé,
agus b'iomdha brúghadh a fuair a chnámh¬
a. Air deire, chonnairc sé Teampoll-
Rónáin uaidh, 'na sheasadh i lár na roil¬
ige. Dhruid sé anaice leis, agus shaoil
sé go rabh sé ceart. sábháilte nuair nach
bhfhacaidh sé aon tais no aon rud eile
'san mballa, & shíl sé nach mbárrfaidhe
é a ualach do leigint uaidh ar deire.
Dhruid sé anonn do'n gheata agus ar
dhul asteach dhó thuit sé ar an tairseach.
Sul d'fheud se éirighe rug rud éigin nach
bhfhacadh sé ar a mhuineul agus ar a
lámhaibh, agus rud eile ar a chosaibh agus
bhrúigh siad é, agus thacht siad é go rabh
sé réidh le fághail bháis, agus ar deire
thóig siad suas é agus rugadar ceud
slat no níos mó ó'n roilig é, agus chaith¬
eadar síos 'na "phraisach'' é i sean-dhíog
shalach, é féin & an corpán le chéile. D'
éirigh sé suas go briste, breóidhte, brúigh¬
te, & bhí faitchíos air dhul anaice leis an
g-cill arís, mar nach bhfacaidh sé dadaidh
an t-am do leagadh agus do tóigeadh é
"A chorpáin shuas ar mo mhuin," ar sé
an rachaidh mé arís d'on roilig?" acht
níor fhreagair an corpán dhó.
"Is comhartha é sin nach mian leat mé
a fheuchaint arís," ar sé.
Bhí sé i n-amhrus mhór in sin, creud ba
chóir dó a dheunadh nuair a labhair an
corpán in a chluais, "Imleog-fhada. Im-
leog-fhada.''
"O! maiseadh," ar seisean, "an éigin
dam dhul an sin? Má chongbhóchaidh tú
a bhfad mé siubhal, tuitfidh mé fút," &
lean sé do'n taobh a thasbáin meur an
chorpáin dhó, Níor fheud sé féin a rádh
go ceart cá fhada bhí sé ag imtheacht
nuair d'fháisg an corpán é go h-obann &
dubhairt leis, "Súd é, Súd é."
Dhearc Tadhg uaidh & chonnairc sé bal¬
la an-bheag íseal, & bhí sé briste síos in
