38
AN GAODHAL
St. Teresa's Church, Phila, Pa.
Dec. 6. '98.
Micheál J. Ó Lócháin.
A Charaid na Gaedhilge; — Seo sean
abhrán eile dhuit. Pádraic Ó Brislainn
as Leitir Mhac a' Bháird agus Brighid ní
Ghallachóir ó Mhol na Mine, a thug damh¬
sa é, eatarthú.
Duit-se go measamhuil
Domhnall Ó Morchadha.
AN MADADH RUADH
Rinn mise suas leis a' mhadadh Ruadh,
Agus gheall mé duais dó mar fhéirín,
'S gan a theacht anuas thar an Eas Aodha Ruaidh,
Fad a's luaidhfeadh ann caora;
"Ach má thig cho cruaidh ort 's go d-tiocfaidh an ruaig ort,
Tar thusa anuas fá na h-iachtair,
Anns na bealaigh cruaidhe udaigh, an áit a bh-fuair tú
Do chuinín uaibhreach míle uair ann."
Thárlaidh indé domh air thaobh chró Léithín,
Mo choileán uasal agus é a díomus,
D' fhiafruigh mé de, ó chualaidh mé na scéala,
An é nach deárn sé réidhteach leis na daoinidh;
Tráth labhair sé Béarla; "Dar upon my faith!
Béidh athrughadh scéala aig a' dís uaim,
'S dá bh-fuighinn-se an féirín budh deise inn Éirinn,
Go m-b'fhearr liom féin grim de chaora."
"Ní breug ná áidhbheál nár gheall Pádraic,
Stocaidh bána a fhághail ó Bhríghid domh;
Gairtéil áilne ó Shíle Ní 'ach a' Bhárda
Agus bróga árda ó n-a mhnaoi féin domh.
Ach anois ó thárlaidh sé a chomhair na Beáltaine
Ní iarrfad snáithe ach mar tidh sibh,
'S culaidh fá lásaidh 's bidheadh dhom deántaí,
Ce'r shult domh a fághail 's díobháil bhí orm?"
Tá Pádraic agus Brian anois dá shílstron,
Air n-dóighthe go bh-faoigfidh mé an chomharsainn,
'S nach bheag a shíl mise, i n-deireadh mo shaoghail-sa,
A bheith goil fá chríocha Ghleann Domhain séir;
Is tusa a tidhim a bh-fuil agad an fhírinne
Agus dath na fírinne air do chomhrádh,
Air socht a' Righ leat 's fágh d'ainm scríobhthaí
Air do bheagán caorach mar chomhartha."
"Nuair a bhidhim a sír-shiubhal amuich 'san oidhche,
'S iomaidh nidh a tidhim fá 'n chomharsainn,
A chuirfeadh íongantas ro-mhór air dhaoinidh,
Ach air iogla míghrinn chá labhraim;
Tidhim a' dís agus eiteog lín leobhtha
Amuich ghach oidhche anns an Fhóghmhar,
'S dá m-beidheadh Gaoth Beara a cur i d-tíortha,
Ní thiocfadh ann tuighe gan rud leobtha."
an chiall mhaith
