AN GAODHAL
LOOK DOWN O MOTHER MARY.
Dearc Síos a Mhuire Mháthair.
Leis an Athair
Mac Eochagáin, CSSR.
I
Dearc síos, a Mhuire mháthair
As rígheacht neimhe shuas;
Caith orrainn-ne, do chlann bhocht,
Aon amharc amháin anuas:
'S muna bh-fuil do chroidhe-se
Sar líonta le n-ar d-truaigh,
Iontuigh uainn, naomh Mhuire,
'S na dearc orrainn níos mó
II
Feuch cho brónach, cíontach,
'Nios seasamuid as comhair
Do h-aoin Mhic mhuirnigh, Iosa,
Faoi ualach coire mó r:
Acht Mhuire Óigh, má 's mian leat
A chlaonadh le n-ar g-cabhair,
Aon fhocal beag amháin leis,
Air son do mhuintir' labhair.
III
A Mhuire mháthair ghrádhmhair,
Má 's mian leat sinn bheith slán
Abair le do h-Aon Mhac
Gur leat-sa sinn mar chlann:
'Nn ar b-peacachaidhe níor cheart dúinn
An oirid sin a rádh,
Acht tusa, fós ar máthair,
Tasbáin mar sin do ghrádh.
IV
Glac sinne faoi do choimirc,
Sin fanfamuid gan baoghal
Aon dochar le theacht orrainn
Aig imigheacht thríd an t-saoghal.
A Mhuire mháthair dilis
A! cuinigh air chasán
De n-aitheantadh do chlann bhocht
Go mbeidh siad uile slán.
