40
AN GAODHAL
COSAMHLACHT.
Gan amhrus ní rabh Breathnughadh shaoth
air na teangan níos meisneamhla le
seacht gceud bliadhain ná tá sé indiu. I
mbaile a's i gcian, tá saothar dubhracht¬
ach d'a dheunadh in a h-ómós ; dTír Chon¬
naill, agus b'fhéidir, i gCorcaigh, tá an
saothar is féimeamhla d'a dheunadh ar a
son. Mar an gceudna, tá Ciarruighe
ag oibriughadh go h-an mhaith, ach tá doil¬
gheas orrainn a rádh go bh-fuil cúige
Chonnacht i bh-fad ar gcúl Dún na nGall
agus na gcontaethe eile
In America, tá dreach na teangan i
riochd mhaith anois, gidh gur caitheadh os
cionn fiche bliadhain a gcuimseacht na h¬
oibre, agus is do'n t-Saoi Máirtin J.
Ó h-Aonacháin tá sinn i bh-fhiachaibh do'n
t-saothar sin.
Déarfadh daoine gur mór an n-iong¬
nadh nach ndéarnadh saothar na teangan
céim níos sgiobtha ar feadh na bhfichead
bliadhan seo atá sí os comhair na nÉir¬
eannach. Ní h-iongnamh ar bith é; Bhí Éi¬
reannaigh gan anam, gan chroidhe — mar
atá, faraor, go leor acu indiu, faoi
bhruid mhallaighthe na Sacsan. Bhidheadar
aineolach ar a dteangain féin, no go
rabh aon teanga acu ach Béarla-briste
Shasanaigh — agus bhí go leor de'n dream
a labhair 'san nGaodhailge ar an inntinn
cheudna Ní h-iongnamh, mar sin, ná'r
bhfuair na hÉireannaigh do bhí fiosach ar
ársact, ar uaisleachd, agus ar shibhial¬
tachd liteardha na h-Éireann an cong¬
namh sin a bhí riachtanach le cúis na
Gaodhailge do chur ar a h-aghaidh nios
beachda ná bhí sé.
Ó an gceud lá do chuir foilsightheoir an
Ghaodhail a cheud leitir do 'n t-Saoghal
Gaodhlach, sé bliadhna fichead ó shoin, ag
gríosughadh na n-Éirearach a d-teanga a
choimeud no go g-cailleochadh siad a nái¬
siúntacht, tá sé follusach do 'n tsaóghal
gur b'é fhéin & an Gaodhal do chongbhaigh
snáidhe shaothair na Gaodhailge in Ame¬
rica d'a shníomh gan cliseadh nuair a
bhí sé briste & reubtha, go minic, in a
tír dhúthaidh. Ní'l sé taithneamhach le
spiorad an Ghaodhail "a adharc féin do
shéideadh," ach nóir chóir go dtebfeadh
cúthaluigheacht nó caoidheamhlacht é ó an
fhirinne fhoillsiughadh, & saothar an Ghao¬
dhail do cheartughadh, cia b'é an té do
sdiúirfeas é 'nar n-diaigh-ne.
Anois, cad é an congnamh a thug Éir¬
eannaigh America do 'n nGaodhal? An
congnamh seo, a léighteóir, nach mair¬
feadh sé sé mhíosa dá mbeidheadh sé i d¬
tuileadhmuidhe tiodhlacadh, no cothughadh,
Éireannach! gidh go gcloiseanmuid trácht
'sna páipéir ar bhládhmannaigh Éireannach
atá os cionn sé bliadhna i bhfiachaibh dhó,
& Éireannaigh eile noch do shíltheá go rabh
a dtrí-fichead pighinn suaite suas le ú¬
bhall a súl.
Ach tá, mar an gceudna, Éireannaigh
tíorghrádhach in Amenica, & is iad seo &
an fear-eagair do chongbhaigh an teanga
ag imleadh in a cruadhaltacht.
Agus anois, ag bhreathnughadh ar bhuaidh
mhóir na teangan, & ar gcinnteacht go bh¬
fuil bród mhór orra so bhí rannpháirt¬
each inntí, & ó 'sí an uair seo oidh' Nod¬
lag, guidheamuid Nodlaic shúgach agus
Bliadhain Ur sheunmhar do gach aon d'ar
léightheoiribh.
On the opposite page, the Gael has
in print a form of a proclamation sim¬
ilar to the one which it would like to
see printed in large letters and posted
on all the "Dead Walls” of America,
and had it the money it would be done.
When it has not the money, it will put
Zimmer's certificate in small type and
keep it as standing matter beside Spal¬
ding's, and Gaels will endeavor to cir¬
ulate them.
To get the Gaelic Journal. Send 4s to the Man¬
ager, Mr. John Hogan, 24 Upper Sackville St.
Dublin, Ireland.
FOR SALE.
400 acres of land at Barnegat
Bay, N. J, bounded on one side by
the Bay and on the other by the
railroad. This would be a paying
place to found a Summer fashion,
able resort. — Price very low.
