44
AN GAODHAL
FUADACH AODH RUAIDH Ó RATH-A-MHUILINN.
Féil Mhichil, san mbliadhain 1587.
Leis an Athair S. S. O'Dómhnaill.
"O, triallaidh liom ar bhord mo loinge"
Ar san Caiptín beul-bhinn bhreághach,
Tá ar dteud go teann faoi Bhruach na mBann,
Ar ucht Loch Suilighe céimeach.
"Tá a broinn lion lán de fhíon na Spáine,
Ceud oigsead mór agus tuilleadh;
Dighe is measamhla i g-cúirt an righ,
Beóir chroidheamhuil caoin, gan mhilleadh.
"Gus ólfamaoid an íoc-shláinte
As cornaibh óir araon,
'S beidh againn tamall cuideachta
Nach gcostann duit-se pighnn."
Thaithnigh cómhrádh an bheitheamhnaigh
Go h-anuasach le Aadh Ruadh,
'S ar bhord na loinge chuaidh amach,
Mo bhrón 's mo mhíle thruagh!
Is tapa siúbhail na bóimeinte (móimente)
Ameasg imirtis, a's óil,
Oll-gháirdeas agus carthanas,
A's mórán gleusaibh ceóil.
Cuireadh a's freagradh ceistireacht
O's cionn na ngloine lán,
Fá 'n m-buaidhreadh ins an m-baile 'gainn
'Gus gníomhartha tháll 'san Spáinn.
Fá na brist bh fuilteach' troidte
Sul m-beidheadh duilleabhar úr ar chrann,
Eidir bhainíoghain bhródamhuil Isibéil,
'S an Spáineach uasal teann.
Acht nuair ba mhian le n-ar g-ceannfart óg
Bheith dul 'na bhaile a' luidhe,
Chualaidh a chluasa tarmán
Bhain léineóg as a chroidhe.
Bloic agus rópaidh cálanach'
Ag cur seólta geal' ar chroinn.
Agus garbh-ghuth na máirnealach
Deunamh con-gháire agus grinn ;
'Gus an long 'na rith ar bhráighid na d-tonn
Ag teitheadh roimh an t-síon,
Gur b' árd amach 'san bh-fairrge í
Sul ar éirigh an ghrian.
'S budh lúthmhar thomhas sé an bealach
