AN GAODHAL.
45
As sin go Condae an Dúin,
Arís gur léig sé ancoire
Trathnóna trasna an chuain.
Tá mac Inín Dubh go h-uaigneach
Anocht i m-Baile-ath-cliath,
A leaba luidhe na leacatha
Gan biotúlach, gan biadh.
I n-aimhdheóin é ceangailte,
Le slabhra fuar go teann,
Tá a námhaid neimhneach, lag-chroidhech
Le eagla roimh a lann.
Aimhdheóin ballaidh agus bádhún
Slabhraidh fuar agus glais-láimhe,
Agus arm treun na n-gárda air
D'a fhaire lá a 's oidhch'.
Fuair sé carad measg a námhaid
Lán carthanais a's dáimheacht
D' fhág é 'gus a chomráide
'Na bh-fir saor ar an t-slighe;
Bhí ádhbhar bróin i n-Dún-na-nGall
An oidhche fuaduigheadh Aodh,
A Rat-a-Mhuilinn síos 'san loch
'S amach ó chnoc Dúin-righ.
Acht tá ádhbhar bróin andiu go frás
Ag Sacsanaigh' 's a g-clann,
Mar tá ar b-prionnsa deas 'san mh-baile ar ais
Ag cur faobhair ar a lann.
Is moch amárach cluinntear
Ar mhullach cnoic a's glinn
Guth brónamhuil adhairc Thír-Chonaill.
Ag cur cuireadh ar a cloinn.
Agus an sin an cuireadh do fhreagradh
Má freagaradh cuireadh riamh,
Ó chladach-cúil cois fairrge,
'S amach as ucht na sliabh.
Ó mhullaigh dubh-chnuic Innis Eóghain
'S ó ghaineamh bán na tuagh,
Ó thír chnapánach na m-baoighleach
'S ó bhruach an Easa Ruadh
Cruinnigheann siad 'na g-ceudtaibh
Fir threunmhar' riamh ná'r fheall.
Le sionnaigh agus mic-tíre
Dhíbreadh amach ar Dún-na-nGall.
Mar sgannruigheas gleacht an dobhair
An éanlaigh ar na croinn,
